Éalaím amach as an ngeata go gairid i ndiaidh thitim na hoíche. Tá bearradh fuar ar an oíche faoin am sin ar ndóigh agus d'ainneoin gur shlog mé siar deoch meala le mo chliabhrach a mhaolú, tá sé ag dul deacair orm anáil a tharraingt. Fiú anois, is féidir liom an réama a mhothú taobh istigh ionam, é ag carnadh, réidh le teacht aníos le casacht chrua má líonaim mo scamhóga ar an mbealach mícheart.
Cromaim síos agus sciurdim i dtreo na coille thuaidh. Mar sin féin, cuirim orm féin gan dul ró-ghasta d’fhonn taom casachtaí a choinneáil ó dhoras. I gciúnas na hoíche, chuirfeadh casacht amháin in iúl do chách cá bhfuil mé. Dá dtiocfadh taom casachtaí orm, bheadh sé ní ba mheasa fós agus ní bheadh seans dá laghad agam teacht ar na scabhtaí ansin.
Bainim amach an chrannteorainn díreach sula mbáitear an gleann i solas airgid na gealaí. Ag sleamhnú liom níos doimhne isteach sa choill dhubh dhorcha, caithfidh mé mo bhealach a dhéanamh le mo lámha. Tagann solas na gealaí trí cheannbhrat na gcrann ar feadh meandair, agus feicim trí chrann leagtha, a gcuid géag i bhfostú sa duilliúr mórthimpeall. Ritheann sé liom go mbeidh mé in ann dul ar foscadh faoin gcrann seo. Níl sé thar mholadh beirte mar thearmann. Ach déanfaidh sé an chúis don oíche.
Socraím isteach go breá tapa agus clutharaím mé féin. Tá mé i mo shuí, mo bhrat thart orm, ag stánadh amach tríd an duairceas. Cuireann dorchadas na hoíche bac orm, ach is é an chosaint is fearr atá agam, leis. Ní bheadh aon scabhta de chuid na féinne ag iarraidh dul ag gúngáil sa dorchadas, é ag déanamh a lán torainn seachas dul chun cinn.
Bogaim níos gaire do cheann de na stoic, teannaim mo bhrat thart orm agus tosaím ag fanacht le fáinne an lae. Oíche fhada, mhíchompordach a bheidh ann domsa, dár ndóigh, óir go bhfuil fuacht feanntach agus taise san aer. Ar oíche mar seo, go háirithe agus mé plúchta le mo scamhóga lofa, ba chóir dom a bheith i mo leaba i Seiscenn Uairbhaoil, breá cluthair faoi bhun na n-éadaí é fionnaidh in éineacht le mo bhean.
Scaoilim le mo chorp mar a fhaigheann an codladh an ceann is fearr orm. Ligim dom a bheith ag brionglóideach – faoi Lann, faoi m’óige i Seiscenn Uairbhaoil, faoin saol a bhí agam sular thóg an fiabhras mo bhean uaim, sular thóg na creachadóirí mo mhac uaim. Titeann néal orm, mé sona sásta ach smál an bhróin orm chomh maith.
Dúisíonn ceiliúr na camhaoire mé agus seasaim suas go míshocair. Tá mé trí chéile ar feadh meandair. Tá mé ar tí glaoch ar Lann, ach ansin cuimhním go bhfuil sí imithe uaim. Ní ligim an focal sin asam, ach fágann sé blas an uaignis i mo bhéal.
Téim amach ar mo lámha agus ar mo chosa le fáinne an lae, righneas i mo chorp fuar. Briseann gathanna solais tríd an gceannbhrat agus ceiliúr na n-éan faoi lán seoil. I mo sheasamh faoin spéir, cuirim réama na hoíche aníos le casacht ach fáiscim mo lámha ar mo bhéal d’fhonn an torann a mhúchadh. Anois go bhfuil mo scamhóga glanta amach agam, déanaim iarracht an righneas i m’ailt a dhíbirt agus cromaim síos le greim a bhreith ar an tua chatha a bhí taobh liom ar feadh na hoíche.
Déanta as dair, tá a hanla fada ceangailte go docht daingean le ceann tua miotail. Ba le m’athair an uirlis troda seo tráth, agus amhail gach uirlis dá leithéid a bhfuil fuil uirthi, tá ainm aige: Scoiltire na Smaointe
Éirím i mo sheasamh, ceanglaím an corda leathair leis na fáinní ag bun agus barr an hanla. Ansin cuirim thar mo ghualainn é.
Tá sé in am. In am díoltas a imirt ar an saol.