Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

An choill ar an droim thoir theas (2)

Tá sé gruama go leor ag breacadh an lae, ach tá aimsir mhaith geallta. Tá brat tiubh, drúchta ar an scrobarnach sa chuid seo den choill agus ní fada go bhfuil gach rud faoi bhun mo ghlúine fliuch báite.

Go tobann, cloisim fuaim ar mo chlé agus cromaim síos go gasta faoi scáil crainn darach. Tógann sé tamaillín orm a thuiscint gurb éard atá san fhuaim atá mé a chloisteáil ná gáire na beirte buachaillí ó Ráth Bládhma, iad ag súgradh laistigh den lonnaíocht.

Bainim taca as seanstoc casta na darach, ualach trom na tuirse ag teacht orm gan choinne. An fhuaim sin – gliondar simplí na leanaí – dúisíonn sí cuimhní ionam a bhriseann mo chroí, cuimhní ar mo leanbh féin agus ar leanaí eile a d’fhéadfadh a bheith agam le Lann faoin am seo.

Leanaí soineanta, nádúrtha atá sna buachaillí seo, nach bhfuil barúil acu faoin olc atá á seilg. Dóibhsean, taobh thiar den sonnach, níl sa chaint seo faoi dhainséar agus scabhtaí ach cluiche samhailteach.

Tosaíonn na buachaillí ag gáire arís gan fuacht gan faitíos agus cuireann sé freanga ionam. An uair dheireanach a chuala mé a leithéid de spórt bhí Murra ag imirt lena chuid cairde i Seiscenn Uairbhaoil. Bhí an-ghean mar mo mhac agus ba bhuachaill maith é –ach níorbh fhiú faic gean ná maitheas nuair a thug na díbheargaigh cuairt air.

Tháinig na creachadóirí ag breacadh an lae le gráin ina ngártha, miotal ina lámha agus faghairt ina súile. Rinneadh sléacht ar mo mhuintir agus níor tháinig ach duine as gach triúir slán. Bhí mé ag seilg ag an am, ach nuair a tháinig mé ar ais ba léir dom an slad. Bhí mo theach dóite go talamh agus mo mhac ina luí gan lúth gan láthair sna goirt, gearradh domhain ar a thaobh. Rinne sé an rud ceart agus theith chuig an gcoill lena anam, ach faraor géar, rug na díbheargaigh air, d'ainneoin a iarrachtaí. D'adhlaic mé é ar na cnoic taobh thall den lonnaíocht, in áit chiúin in aice lena mháthair.

Ach, sin a bhfuil faoi. Tá Lann agus Murra imithe uaim agus éireoidh mo chroí bog má bhíonn mé ag smaoineamh orthu an t-am ar fad. Níl uaim anois ach lámh chúramach agus crógacht dhiongbháilte. Is féidir liom a bheith bog nuair a bheidh mé sínte faoin bhfód. Cé go bhfuil mé ag déanamh mo bhealaigh féin i dtreo an bháis, dar cnámha mo mhuintire, geallaim duit go gcomhlíonfaidh mé mo thasc.

Nuair a éagfaidh mé, tiocfaidh caonach glas ar na cnámha seo. Déanfaidh an talamh mo chorp a leá agus a ithe agus súfaidh isteach go domhain mé, amhail is nach raibh mé riamh ann. Ligfear m’ainm i ndearmad de réir a chéile agus ní inseoidh daoine scéalta fúm a thuilleadh.

Téim trí na crainn, mo lorg le brath sa drúcht ar an talamh. Déanaim iarracht gan aon lorg a fhágáil i mo dhiaidh nuair is féidir trí fhanacht ar an talamh chrua agus sna háiteanna faoi na crainn nach bhfuil aon drúcht. Cé go dtéim anseo is ansiúd, ní fheicim aon rian de na scabhtaí, rud nach luíonn le ciall. Caithfidh go bhfuil siad ar a gcosa.

Leanaim ar aghaidh soir ó thuaidh, níos doimhne isteach sa ghleann agus níos faide fós ón ráth. Ag breathnú siar i dtreo na lonnaíochta, titeann an lug ar an lag orm. Tá botún déanta agam.

Rinne mé an rogha mhícheart. Tá an gleann lonrach glédhaite anois. Anseo ar an taobh thoir theas, áfach, tá mé dallta ag an ngrian agus ní féidir liom radharc ceart a fháil ar an ráth.

In ainm Chroim! Is eol dom ansin nach dtiocfadh na scabhtaí an bealach seo. Bheadh a fhios acu gur féidir radharc níos soiléire a fháil ón droim thiar thuaidh ag an am seo den lá.

Brúim an fhearg faoi chois, ar buile liom féin faoina amaidí a bhí mé. Tá sé ródhéanach anois dul siar chuig an gcoill thiar-thuaidh gan a chur in iúl do na scabhtaí go bhfuil mé anseo. Faoin am a dtiocfaidh mé ar a rian, beidh siad imithe leo, ar ais chuig an bhfiann leis an bhfaisnéis atá bailithe acu a insint dóibh.

Tá teipthe orm.

Tá mo chara ligthe síos agam. Tá muintir Ráth Bládhma ligthe síos agam. Tá na daoine siúd a chuaigh i mo mhuinín ligthe síos agam.