Téim ar an ionsaí gan smaoineamh, mo mheáchan á chur ar mo chos dheas agam le go mbeidh mo chumhacht ar fad taobh thiar den bhuille. Is ar éigean atá smid asam, ach is leor é chun aird an scabhta a tharraingt orm. Casann sé i mo threo, ach tá sé rómhall. Buaileann an tua a chloigeann de thuairt ghránna, a chuireann croiteanna an bealach ar fad suas mo lámh. In ainneoin a thromchúisí a bhí an uair sin, nílim in ann gan smaoineamh gur chuala mé siosarnach na tua agus í ag gearradh tríd an aer.
Leagann an buille an leaid agus titeann sé síos chun na talún. Teannaim mo ghreim ar m’arm agus bogaim isteach le ceann ceart eile a thabhairt dó. Ní théim ar aghaidh leis, ámh, mar go bhfuil sé sínte ar an talamh gan chorraí.
Seachas a chos dheas. Preabann sí uair amháin eile sula stopann go deo.
Mar a bhreathnaím síos ar an gcorp scriosta sin, tagann míshuaimhneas orm amhail is go bhfuil riail intuigthe briste agam, geis bhunúsach éigin. An t-athair ar dtús agus an mac anois. Teaghlach iomlán bánaithe in aon mhaidin amháin.
Cuirim a leithéid de smaointe as mo cheann agus téim síos ar mo leathghlúin leis an bhfear marbh a chasadh ar a dhroim. Breithním go mion ar a ghnúis agus mo lann á glanadh agam ar a ionar. Is é an imní is mó atá orm go bhfeicfidh mé dealramh mo mhic taobh thiar de na tatúnna uafásacha sin. Is mór an faoiseamh dom é nuair nach bhfeicim ach srón, giall agus súile folmha strainséara.
Leis sin, ligim gnúsacht agus éirím i mo sheasamh. Tugaim céim ar gcúl le breathnú ar mo shaothar, mo chroí fós ag pléascadh agus boladh na fola fós i mo pholláirí.
Is eol dom go mbeidh lá eile ag muintir Ráth Bládhma a bhuíochas liomsa, ach tá an fhiann fós amuigh ansin, faoi réir le hionsaí. Tá turas fada curtha díobh acu agus níl aon bhaol ann go n-imeoidh siad leo gan a chuspóir a bhaint amach.
Cibé cén cuspóir atá acu.
Sa deireadh thiar, baineann an trioblóid uile seo le Ráth Bládhma. Ní bhaineann liomsa.
Iompaím mo dhroim ar an gcorp fuilsmeartha agus tosaím ag siúl ó thuaidh i dtreo an loig agus an scabhta mhairbh eile, ar ais chuig an gcosán a thabharfaidh chuig Ráth Bládhma mé. Éiríonn ceiliúr na n-éan níos láidre mar a éiríonn Athair na Gréine sa spéir. Insím dom féin gur lá geal a bheidh ann inniu.
Ach i mo chroí istigh, tá a fhios agam gurb iad na laethanta is gile a chaitheann an scáil is dorcha in amanna.