Tá bealach ann le luíochán a dhéanamh ba mhaith agam riamh. Buail do namhaid agus é ar a shuaimhneas – sin bun agus barr an scéil. Is éasca namhaid ar a shuaimhneas a mharú.
Le go mbeadh an namhaid ar a shuaimhneas, ní mór dó a bheith ag súil leis an gcás is fearr: bealach éasca, easpa contúirte, duine dá lucht aitheantais roimhe. Sa chás áirithe seo, ar an ard iargúlta seo, is é an t-aon bhuntáiste atá agam nach bhfuil a fhios ag an scabhta go bhfuil mé anseo. Agus is buntáiste é sin a gcaithfidh mé leas a bhaint as. Nuair a thiocfaidh sé ar ais, beidh sé ar bís leis an eolas nua a insint dá athair. Beidh sé ag súil lena athair a fheiceáil freisin.
Gan an chneá thua ina chloigeann, ar ndóigh.
Le dul i ngleic leis an bhfadhb bheag sin, cuirim an seanfhear thart go dtí go bhfuil sé ina luí i gcoinne an chrainn. Is ábhar mór iontais dom a éadroime atá sé, ach cuimhním ansin go raibh an flosc dubh air. Is iontach an rud é gur mhair sé chomh fada sin. Caithfidh sé gurbh fhear an-dungbháilte é.
I ndiaidh dom an corp a chur ina luí i gcoinne an chrainn, cuirim a chaipín ar fiar ar a cheann leis an damáiste a cheilt agus cuachaim a bhrat thart air leis na smáil fola a choinneáil i bhfolach. É marbh gan anam, titeann a chloigeann ar leataobh. Ach, má chuirim a dhá cos trasna ar a chéile, agus má leagaim a chlaíomh ina ghabhal, beidh an chuma air go bhfuil néal á chodladh aige. Ní chuirfeadh a leithéid de phlean dallamullóg ar aon duine dá mbeadh sé díreach in aice leis. Dá mbeadh sé i bhfad uaidh agus ar a shuaimhneas, áfach... Bhuel...
Sin scéal eile.
Óir go ndeachaigh an scabhta ó dheas agus mar gheall ar luí na talún thuas ar an droim sin, is féidir liom talamh shlán a dhéanamh de, go dtiocfaidh sé ar ais an bealach céanna. Caithim súil thart, ag lorg suíomh a d’fheilfeadh dom. Socraím ar chúinne faoi scáil atá sa scrobarnach, taobh thiar de roinnt crainn ghiúise. Tá sé roinnt céimeanna ó dheas den log, díreach in aice leis an gcosán a mbeidh an scabhta ag teacht ar ais air. Is é an chéad phointe a gheobhaidh an leaid óg radharc ar an log, áit a bhfuil corp cromtha an tseanscabhta le feiceáil, ina chodladh mar dhea. Beidh sé ag teacht anuas an cosán, lánsásta go bhfuil eolas nua aige, nuair a fheicfidh sé a athair ina chodladh. Ní fheicfidh sé mise.
Tosaíonn mo bholg ag geonaíl, rud a spreagann mé chun a bhfuil i mála bia an fhir mhairbh a chaitheamh amach ar an talamh os mo chomhair. Sa bhreacsholas, is deacair na torthaí agus an fheoil a dhéanamh amach toisc go bhfuil na cruthanna lúbtha agus casta, agus mícheart ar bhealach. Beirim greim ar cheann de na crúibíní, ach tarraingím siar le teann uafáis!!!!
Ní crúibín muice é! Lámh atá ann!
Is lámha ar fad iad!
Lámha daoine daonna!
Buaileann taom casachtaí mé ansin agus tá mé maraithe ag casacht agus ag píobarnach ar feadh scaithimh. Cumhdaím mo bhéal le mo lámh agus déanaim mo sheacht ndícheall na sceamhanna a bhrú fúm. Agus an bhail seo orm, ní féidir liom aon chosaint a thabhairt dom féin. Más rud é go bhfuil an leaid óg thart, is é an fhírinne go bhfuil mé tar éis mo lámh a chur le mo bharántas báis féin cheana féin.
Imíonn an taom agus tá deis agam m’anáil a tharraingt faoi dheireadh. Déistin fós orm, cuirim orm féin breathnú ar na rudaí a cheap mé a bhí ina mbia. Tá cúig lámh ann san iomlán. Is féidir a rá go cinnte go bhfuil dhá phéire ann. Lámh mná óige is ea an ceann deireanach. Tá barr na méar in easnamh ar trí cinn acu agus níl fágtha ach stumpaí feola agus cnáimhe.
Mothaím taom feirge ag teacht orm mar a bhreithním thall ar an scabhta marbh ina luí in aice leis an gcrann. Tá mé ar tí léim suas agus an corp thall a ghearradh ina phíosaí beaga fuilteacha, ach ní mór dom srian a chur liom féin. Cuimhním ar an mbá a bhí agam don seanfhear lofa sin nuair a bhí sé ag casacht ní ba luaithe agus, ar an bpointe, cruann mo chroí agus athraíonn mo thrua ina déistin, mo bhá ina fuath.
Cloisim an fásra ag siosarnach i bhfad uaim ar an droim agus is eol dom go bhfuil an dara scabhta ar a bhealach ar ais. Croitheann sé ó mo thámh feirge mé chomh maith. Tagann sé liom go nádúrtha tarraingt siar faoi scáil na gcrann giúise, ach mothaím an fearg ag éirí ionam arís, é dírithe an uair seo ar an dara scabhta.
Aclaí agus éasca ar a chosa, tagann sé amach as na crainn go tobann agus leanann ag siúl go deas réidh i dtreo an loig. Cé go bhfuil mé ar deargbhuile, tá saghas suaimhnis ag teacht orm de bharr na contúirte, rud a chuirfidh ar mo chumas fuinneamh na feirge a dhíriú ar mo chéile comhraic.
Téann an scabhta i bhfolach taobh thiar de na crainn ar feadh meandair, sula dtagann sé amach arís, díreach i mo líne ionsaí. Ní tráth moille é. Tugaim áladh air, mo thua mharfach ag bogadh ar nós na gaoithe. Níl an t-am ag an scabhta béic a ligean fiú amháin sula dtagann an lann i dteagmháil le taobh a chloiginn de thuairt. Fágtha gan aithne, ach fós ina sheasamh ar chuma éigin, tugaim buille eile dó; dá scornach an uair seo agus is leor é chun é a shíneadh ar fhleasc a dhroma.
A luaithe a thiteann sé chun na talún, caithim mo thua uaim. Léimim air gan a thuilleadh moille. Tarraingím mo scian amach mar a sháinním ar an talamh é agus sáim go feirc ina chliabhrach í.
Stánann an leaid óg aníos orm, uafás an tsaoil le brath ina ghnúis, ach níl aon trua fágtha i mo chroí dó. Seo, fear a mharódh leanaí.
Téim le báiní, géillim don fhearg agus sáim arís is arís eile é.
Nuair a laghdaíonn an fearg agus nuair a thagann an chiall ar ais, titim i leataobh dá chorp, a chliabhrach fuilsmeartha ina ribíní.
Luím ar mo dhroim ar feadh i bhfad, mé ag sú an aeir úir isteach i mo scamhóga lofa agus ag stánadh suas ar na scoilteanna gorma i gceannbhrat na coille. Tá liom. Tá mo thasc déanta agam. Tá Ráth Bládhma slán sábháilte.
Go ceann cúpla lá eile ar aon chuma.
Éirím i mo sheasamh le teann tuirse, tógaim mo thua agus tosaím ag úsáid na lainne fuiltí le cloigeann na beirte scabhtaí a scoilteadh dá gcorp. Bainim sásamh áirithe as iad a chur isteach sa mhála bia.
Éiríonn ceiliúr na n-éan níos láidre, níos binne mar a dhéanaim mo bhealach síos chuig Gleann Ceoch. Tá Athair na Gréine go hard sa spéir agus tá dath an óir tagtha anois ar na gathanna solais airgid faoi bhun na gcrann. B’fhéidir de bharr go bhfuil na cosa tugtha liom arís, ach braithim taobh istigh ionam go bhfuil an choill mórthimpeall orm ar a compord arís, an teannas uile a bhí ann ag imeacht le sruth.
Is mór an sólás dom an tua i mo lámh, ach ní féidir liom an rud céanna a rá faoin mála bia. In ainneoin ar éirigh liom a dhéanamh, tá a fhios agam go bhfuil an lonnaíocht fós i mbaol. Tá an fhiann i bhfolach áit éigin taobh thall den ghleann agus is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach nuair nach dtiocfaidh a scabhtaí abhaile.
Ach tá mo phleananna féin agam do na cloigne fuilteacha sin. Plean agus cuspóir agus faoiseamh cúpla lá.
Is léir nach bhfuil m’obair i nGleann Ceoch déanta.