Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Gabh an chonair íochtair feadh bhun an droma

Ag leanúint dom síos an chonair íochtair, téim trí scrobarnach nár leagadh cos uirthi le fada an lá. Anseo ag bun an droma, tá na coillte faoi scáil agus níl an bheocht chéanna i gceiliúr na n-éan. Tá na spásanna dorcha idir na crainn bagrach agus an baol i gcónaí ann go bhfuiltear ag tiomáint isteach i luíochán. Anois - níos mó ná riamh- is oth liom go bhfuil mé liom féin. Ba scéal eile ar fad é dá mbeadh fear cumasach in éineacht liom, ag faire amach dom sa bhearna bhaoil.

Tar éis dom a bheith ag fálróid go hanaireach ar feadh píosa, tosaíonn an choill ag éirí níos caoile. Is féidir liom Gleann Ceoch a fheiceáil - anois agus arís - trí na crainn ar dheis. Ar chlé, teannann an droim isteach liom sula n-athraíonn an fhána ina h-aill go tobann.

Nuair a fheicim an aill, tagann imní orm. Tuigim ansin go ndearna mé an cinneadh mícheart. Tá mé tar éis an choill a leanúint an bealach ar fad go dtí deireadh an ghleanna ach ní raibh tásc ná tuairisc ar na scabhtaí: lorg ar bith, rian ar bith, fianise ar bith ... dada ar bith beo!

Bheartaigh na scabhtaí dul treo eile go tobann agus níor thug mé faoi deara é ... nó – níos dalrathí fós — níor tháinig siad an bealach seo ar an gcéad dul síos. Rinne mé droch-chinneadh agus anois tá sé ródhéanach le casadh ar ais. Faoin am a rachaidh mé suas an gleann arís, is cinnte go mbeidh na scabhtaí imithe leo, a dtasc curtha i gcrích acu.

Níl an dara rogha agam anois ach dul ar ais chuig Fiacail.

Agus a insint dó gur theip orm.