Tá cúl an scabhta liom, ach is follasach go bhfuil sé ag breathnú go mion ar an bhfear marbh. Síneann sé a lámh agus tugann priocadh réidh dá athair. Nuair nach ndéanann sé cor ná car, tugann sé priocadh níos láidre dó. Ansin tosaíonn sé ag croitheadh an choirp, ag béicíl agus ag caoineadh, é ag dul deacair air glacadh leis go bhfuil a athair imithe uaidh.
Tá trua agam don leaid óg. Uaireanta nuair a bhím ar tí titim i mo chodladh, líonann m’intinn le cuimhní ar scéalta ársa a chuireann ina luí orm go bhfuil mé fós beo. Cuimhním ar Lann ar a leithéid d’oícheanta, ar a bheith in éineacht léi, muid breá cluthair faoi bhun na n-éadaí fionnaidh inár leaba i Seiscenn Uairbhaoil. A corp cuachta in aice liomsa, cos amháin thart ar mo chromán agus a pluc bhog ar mo chliabhrach. Mar aon lena hanálú séimh, cloistear babaí ag plobarnach leis sa chliabhán in aice le balla láidir an bhotháin; is é Murra óg é.
Ag a leithéid d’amanna, is féidir liom boladh mo theaghlaigh a fháil agus craiceann mín Lann a bhrath go fóill.
É sin go dtí go dtagann solas an lae leis na cuimhní sin a sciobadh leis.
Is léir go bhfuil an scabhta óg trí chéile. Is maith is cuimhin liom a bheith ag iarraidh a rá liom féin go raibh dul amú orm agus ag cur mo dhóchais i rud ar bith. Ar lá an ionsaí, nuair a tháinig mé ar mo mhac, chuir mo dhá lámh timpeall ar a chorp agus níor scaoil leis.
Spreagann na smaointe gránna sin mé chun éirí i mo sheasamh agus tosú ag druidim i dtreo an namhad. Tá an oiread sin bróin air anois nach gcloiseann sé go bhfuil duine ag teacht ina ghiorracht. Ardaím mo thua ach tá a chloigeann brúite istigh i gcliabhrach an tseanfhir, an brón tar éis an ceann is fearr a fháil air.
Buile gearr, gasta, géar is ea é, a théann tríd an gcnámh dhlúth go héasca. Cuireann cumhacht an bhuille dá chothrom agus titeann sé béal faoi ar fhéar atá breac leis an bhfuil. Mar a théann na creathanna trí mo lámh, ligim búir nimhneach feirge as mo chroí. Níl aithne agam ar na scabhtaí seo, ach níl aon amhras ann gurbh fhir fhuar-chroíocha iad, fir a mharódh leanaí agus a sciobfadh mo mhac uaim.
Fágaim na coirp san áit a bhfuil siad. Agus mé ag siúl síos barr an droma, tugaim fuinneamh úr faoi deara sa ghleann. Tá Athair na Gréine go hard sa spéir, ceiliúr na n-éan le cloisteáil ar fud na coille agus leoithne bhog ag baint siosarnach as na duilleoga.
Imíonn an teannas uile, rud nach dtugann mórán faoisimh dom i ndáiríre. Tá mé fós beo, ach níl mo chroí. Mothaím snaidhm ar mo chliabhrach agus níl m’anáil go maith. Gach céim a thógaim, is céim eile i dtreo an bháis í.
Céim eile i dtreo na dTailte Dorcha.
Ach ar a shon sin is uile, ar fhána an chnoic seo i bhfad ó bhaile, sílim go bhfuil an saol curtha ina cheart arís. Tá beirt fhear fuarchroíoch curtha den saol. Beidh Gleann Ceoch slán sábháilte tamall beag eile. Sheas mé le m’fhocal do mo chara, Fiacail.
Agus sna Tailte Dubha, tá mo mhac ina chodladh go sámh.