Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

An choill ag bun an droim thoir theas

Ar thitim na hoíche, osclaíonn Tóla agus buachaillí Ráth Bládhma an geata go deas réidh, gan oiread is fuaim a dhéanamh. Is iontach an radharc é an geata adhmaid a úsáid-tear leis an mbealach isteach a dhúnadh. Is leac mhór adhmaid é, a bhfuil stiallacha miotail ar a taobh amuigh. Úsáidtear barra adhmaid agus carraig mhór le hé a dhingeadh ina áit agus d’fhéad-fá talamh shlán a dhéanamh de nach bhféadfadh deichniúr fear é a bhogadh.

Tá mé ar tí sleamhnú tríd an mbearna chaol nuair a fhaigheann Tóla greim sciatháin orm. Tá sé ina sheasamh ansin ina thost, a scáth caol le feiceáil in aghaidh na cloiche báine, é ag amharc go géar orm ar bhealach aisteach mar is nós leis.

‘Ná bí i do sheanchailleach,’ a deirim leis, de chasaoid lách. ‘Coinnigh súil ghéar ar Fhiacail, fad is nach mbeidh mé anseo. Ná lig don Chailleadh Dubh sin an dubh a chur ina gheal air.’

Ardaíonn Tóla mala leis agus ceist áirithe le brath air.

Breathnaím suas chun na bhflaitheas. D'ainneoin a ghlicis, bíonn Tóla chomh dúr leis an ngeata adhmaid in amanna.

‘An bhean ard atá dár n-óstáil. Tá sí i gceannas ar Ráth Bládhma.’

Breath-naíonn Tóla orm, amhail is nár thuig sé mé.

‘Bhí sí le Fiacail tráth dá raibh. An gcuimhne leat? D’inis sé an scéal dúinn.’

Tagann roic i malaí Thóla le teann machnaimh, ach tar éis tamaill, claonann sé a cheann. Tá sé aige faoi dheireadh.

‘Tá gean ag ár gcara uirthi go fóill,’ arsa mise.

Tosaíonn Tóla ag croitheadh a ghuaillí, ach stopann leath bealaigh tríd. Is léir go mbaineann an smaoineamh siar as.

‘M’anam gur fíor duit,’ arsa mise. ‘Gean sách láidir, déarfainn. Díreach coinnigh súil air, a chol ceathrair. Ná lig dó a bheith amaideach.’

Sular féidir leis a thuilleadh moille a chur orm, éalaím amach tríd an mbearna. Amuigh i ndorchadas na hoíche, téim síos ar mo chromada agus iad ag dúnadh an gheata taobh thiar díom. Is ar éigin is féidir liom iad a chloistáil ag dingeadh an bharra ar ais ina áit.

Fanaim ar an ngealach dul taobh thiar de scamall sula dtrasnaím an cabhsa caol. Ansin, chomh ciúin le taibhse, tugaim aghaidh ar an gcrannteorainn theas. D'ainneoin nach féidir liom brath ar an ngealach, cuirim orm féin dul tríd an bhféar íseal go tomhaiste. Tá aer fuar na hoíche ag líonadh mo gcuid scamhóg, ach má thógaim go breá réidh é agus má choinním m’anáil rialta, beidh mé in ann taom casachtaí a choinneáil ó dhoras.

Tá an t-ádh fós liom. Nochtann an ghealach ó chúl scamaill a luaithe atá an chrannteorainn bainte amach agam. Mar a éalaím liom isteach sna scáileanna, báitear an gleann ina solas airgid. Mar a théim níos faide isteach sa choill, tagaim ar stoc seanchrainn atá fós ina sheasamh, ach lofa ina lár. Déarfainn go mbeinn in ann brú isteach sa chuas. Dá laghad atá sé, is foscadh maith é agus beidh mé in ann an oíche a chaitheamh ann.

Brúim isteach tóin ar aghaidh trí scoilt i dtaobh thiar an stoic. I mo shuí, an dá chos trasna ar a chéile agam agus mo bhrat thart orm, stánaim amach tríd an mbearna chaol. Níl mórán le feiceáil i mbreacsholas na gealaí: cruthanna doiléire na gcrann mórthimpeall orm agus plandaí ar chlé agus ar dheis. Ligim osna asam agus leagaim mo lámh ar thaobh istigh an stoic go ceanúil. Mo léan géar nach bhfuil aon rud seachas an t-adhmad cnapógach sin fágtha tar éis an chroínlobhaidh.

‘Mo bhuíochas leat’, a deirim leis an gcrann marbh. ‘Ó anam cuasach amháin chuig ceann eile — go raibh maith agat.’

Luím siar ar an adhmad agus ligim do bhean na hoíche mé a thabhairt léi.


Dúisím go míshocair mearaithe as mo chodladh le héirí na gréine. Níl a fhios agam beo cá bhfuil mé.

‘A Lann?’

Fiú anois ag mé ag glaoch a hainm, tosaíonn an chuimhne shearbh go bhfuil sí imithe uaim ar shlí na fírinne ag brú orm as an nua. Tá idir Lann agus Murra imithe agus anois táim féin ag druidim i dtreo an bháis chomh maith.

Is mithid dom bogadh. Tá sé in am mo phian a mhaolú i gcogadh dearg.