Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Lean an dara scabhta agus aimsigh é

Níl creach éasca san ógánach ná baol air, óir is ar éigean a fhágann sé aon lorg ina dhiaidh. Roinnt céimeanna amach ón log, feicim lorg sáile amháin, ach ansin ní fheicim dada go ceann thart ar sheacht chéim nó mar sin. Bogann an scabhta seo amhail dá mba thaibhse é. Is cosúil gur theagasc a athair go maith é.

In ainneoin a laige atá a lorg, ní théann sé ró-dheacair orm, a bhealach a dhéanamh amach. Tá fána thoir-theas an droma, ag radharc amach ar Ghleann Ceoch. Luíonn sé le ciall go rachadh sé ó dheas ó thús-phointe an loig le láthair faire níos fearr a fháil.

Mar sin, tabharfaidh mé m’aghaidh ó dheas chomh maith.

I mo chloigeann féin, samhlaím go bhfuil mé ag leanúint theas coirp an scabhta, síos an bealach lúbach feadh na fána theas. Mar gheall ar a ghasta a shiúlann sé, tógann sé fada go leor orm breith suas leis. Tagaim air faoi dheireadh, áfach, i réiteach a rinneadh nuair a leagadh roinnt crann i stoirm fhíochmhar. Tá an spás oscailte breac le síolphlandaí, ach is é an t-aon radharc maith ar an lonnaíocht atá feicthe agam. Mar sin féin, agus d'ainneoin a airde atá sé, ní féidir amharc glan a fháil ar thaobh theas an rátha.

Tá an scabhta ard, tanaí crochta ar fiar, ar bhollán atá suite i lár an réitigh agus é ag breathnú amach thar an ngleann. Tarraingím siar, aiféala orm gur bheartaigh mé gan an tsleá a thabhairt liom. Tá an stráice idir an chrannteorainn agus an bollán ró-oscailte, agus tá an chuma ar an leaid óg seo, go bhfuil fios a ghnó aige. B’fhearr liom gan dul ró-chóngarach dó.

Breathnaím amach trí dhuilleoga mo thearamann. Is leor déanamh matánach an dara scabhta, le lón machnaimh a thabhairt dom. Is fear láidir i mbarr a réime é, agus tá sé i bhfad níos óige ná mise chomh maith. Ní bheinn in ann an lámh in uachtar a fháil air i dtroid duine le duine ná baol air.

Ní rogha liom a bheith ag marú daoine i ngan fhios, ach ní rogha liom bás a fháil ach an oiread. Tá mé ag comhrá leis an mbás, ceart go leor, ach níl deifir ar bith orm aithne ceart a chur air. Tá mé idir thuirseach agus chantalach tar éis an mhaidin ar fad a chaitheamh lán le teannas ar mo cheithre chroibh. Nílim ag iarraidh anois ach clabhsúr a chur leis an scéal. Éirím ar mo chromada agus druidim go mall ar chlé go dtí go bhfuil mé ar aon líne le scáil na ngiúiseanna. Scaoilim an scian óna truaill, ardaím an tua i mo lámh dheas agus socraím isteach le faire ar mo sheans.

Ní gá dom ach fanacht don am ceart anois. Nuair a bheidh an scabhta sásta go bhfuil a thasc déanta aige, tiocfaidh sé ar ais ar an bealach seo thart ar an áit a bhfuil mé ag fanacht leis. Beidh sé ag iarraidh dul ar ais chuig a athair chomh sciobtha agus is féidir agus, mar sin, beidh a intinn ar rudaí eile nuair a shiúlfaidh sé tharam.

Imíonn an t-am, agus ansin imíonn níos mó ama. Tá an scabhta fós thuas ar a bhollán, é ag breathnú siar agus aniar, le radharc níos fearr a fháil ar an ngleann. In ainneoin a neirbhísí atá mé, tá an t-ógánach seo ag dul i bhfeidhm orm. Déanta na fírinne, cuireann sé Murra i gcuimhne dom: cúramach, díograiseach, a dhícheall á dhéanamh aige. Mar a leanaim orm ag breathnú air, ritheann sé liom go mbeadh mo mhac féin, dá dtiocfadh sé slán, ar comh-aois leis an scabhta, agus déarfainn go mbeadh a airde agus a dhéanamh nach mór mar an gcéanna freisin.

Gan choinne, casann an scabhta agus léimeann go héadrom ón mbollán. Is léir go bhfuil sé sásta mar gheall go bhfuil sé ag siúl go deas réidh agus ag canadh dó féin mar a thagann sé chugam. Éiríonn mo chroí fuar mar a bheirim greim ar mo thua, aer á shú isteach agam trí mo shrón. Mar a dhruideann sé liom, faighim amharc ar a aghaidh agus tagann tocht orm ar feadh meandair. Samhlaím gurb é mo mhac é faoi ghuairneáin na dtatúnna sin.

Suaite, beirim greim níos daingne ar m’arm, mé in ann a mheáchan a aireachtáil i mo lámh chreathach, mar a thagann mo chreach i mo threo. Ardaím é, réidh le léim, mar a bhreathnaím air ag dul taobh thiar de chrann gúise, agus ag teacht amach ar an taobh eile.

Isteach faoi raon mo thua.