Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Ná déan aon rud go fóill

Téann an mhaidin thart gan tuairisc ar an scabhta óg. Dá uireasa, tá an seanfhear maraithe ag casacht, rud a nochtann cé chomh donna is atá a scamhóga, i ndáiríre. Faoin am seo, tá an féar breacghlas clúdaithe ag brat fola agus réama, nach bhfuil na feithidí ag iarraidh teacht i dteagmháil leis, fiú amháin.

Ní éalóidh an seanfhear seo, ón ngleann seo, choíche. Tá an méid sin breá soiléir dom. Tá an méid sin curtha aníos le casacht aige ar an gcnoc iargúlta seo, gurb ar éigean go bhfuil aon rud fágtha le tabhairt abhaile.

Le himeacht na maidine, breathnaím air ag éirí ina sheasamh le h-anró dhá uair, chun amharc amach dá mhac ó thuaidh. D’íoc sé go daor as an dá ghluaiseacht sin ó thaobh péine agus iarracht de. An tríú h-uair a dhéanann sé iarracht, é féin a streachailt ina sheasamh, titeann sé siar ar a thóin agus fágann taom casachtaí eile, é rólag le triail eile a bhaint as.

Coinním súil ar an seanscabhta mar a luíonn sé siar in éadan an chrainn. Éistim leis ar feadh tamaill mar a éiríonn a análú garbh níos ciúine agus níos ciúine fós. Ar dtús, ceapaim go bhfuil sé ag míogarnach. Nuair a thuirlingíonn fiach dubh ar chraobh os a chionn, ámh, tuigim go bhfuil an anáil tar éis é a thréigeadh.

Éirím i mo sheasamh go doicheallach, an tua i mo lámh agam agus mo ghéaga sách stromptha leis an easpa gluaiseachta. Druidim isteach i dtreo an fhir chromtha, súil á coinneáil agam ar a ghualainn, mé réidh i gcónaí le háladh a thabhairt faoi, má bhogann sé ar chor ar bith.

Níor chóir dom aon imní a bheith orm. Cuireann an fiach dubh grág as go feargach agus imíonn leis ar eiteoga le spré cleití. Fanann an seanfhear san áit a bhfuil sé cromtha, i gcoinne an stoic, a shúile dúnta, a chliabhrach gan bhogadh.

Is ábhar mór iontais dom a laige atá sé. Tá a chorp chomh briosc le h-éan beag. Níl ann ach na cnámha. Anois go bhfuil mé in aice leis, is geall le méarphéinteáil linbh iad na tatúnna scáfara aige.

Tugaim priocadh dó le ceann na tua ach is beag an t-ionadh nach ndéanann sé cor ná car. Súim aer isteach trí m’fhiacla agus bainim smeach as mo theanga. Tá mé míshásta liom féin gur chuir mé an oiread sin ama amú ar fhear a raibh a rás rite cheana féin.

Tá mé ar tí gabháil trína mhála leathair nuair a chuireann fuaim i gcéin ar m'airdeall mé. Rithim isteach faoi scáil scata crann darach ar imeall an loig, agus éiríonn liom imeacht as radharc díreach nuair a thagann an dara scabhta ar ais.

Tagann an leaid óg isteach ina rith agus sceitimíní le feiceáil ina aghaidh. Tá dea-scéala aige. Mar a bhuaileann sé faoi in aice lena athair, is ríshoiléir nach bhfuil a fhios aige go bhfuil mé anseo. Critheann hanla na tua i mo lámh, í cíocrach i ndiaidh fola.