Éalaím amach an ngeata go gairid i ndiaidh theacht na hoíche. Tá goimh san aer faoin am sin, ar ndóigh, agus mothaím an fuacht i mo scamhóga. Nuair a chuireann Tóla agus buachaillí Ráth Bládhma an bealach isteach faoi ghlas taobh thiar dom tá mé ag deifriú i dtreo thearmann na coille thiar cheana féin.
Oíche scamallach atá ann, ach spréann an ghealach a solas geal airgid ar stráicí féir idir an ráth agus na crainn anois is arís. Má fhaigheann an solas sin mé, beidh mo phort seinnte agus beidh a fhios ag gach mac máthar go bhfuil mé anseo.
Leath bealaigh tríd an bhféar, teipeann mo scamhóga orm agus níl an dara rogha agam ach mé féin a chaitheamh síos ar mo ghlúine, d’fhonn an taom casachtaí a bhrú fúm, agus an áit a bhfuil mé a choinneáil faoi cheilt. Súim aer isteach trí mo shrón d’fhonn an réama a choinneáil síos. Gan mhoill, tá mé ar ais ar mo chosa arís ag déanamh mo bhealaigh chuig clúdach na coille thiar.
Tá an talamh faoi bhun na gcrann dorcha go leor, ach éirím liom teacht ar thom raithní, áit ar féidir liom an oíche a chaitheamh. Tá siad tiubh a ndóthain le mé a chosaint ón ngaoth agus beidh na gais bhrúite ina leaba compordach dom.
Agus mé breá cluthair faoi mo bhrat olla sa dorchadas, tosaím ag smaoineamh faoi Bhodhmhall, an bandraoi smálaithe atá i gceannas ar Ráth Bládhma. Sular tháinig mé chun na lonnaíochta seo, chuala mé ráflaí faoina háilleacht agus, den chéad uair riamh, bhí fírinne sna ráflaí! Tá Bean Uí Bhaoiscne idir ard agus mhaorga, agus tá súil ghrinn aici chomh mhaith. Is iomaí fear a mheall a háilleacht thar meán. Fiacail s'againne ina measc.
Dar le Fiacail, bhí seisean agus Bodhmhall le chéile tráth, ach chuir an dúil atá aige sna mná an cadreamh de dhroim seoil. Tá a fhios agam gurb é Fiacail a d’fhág í ach is léir go bhfuil sé fós ceanúil uirthi ... agus cuireann sé sin imní orm. Is é an fhírinne nach gcuireann mná Ráth Bládhma ar an aimhleas é ar aon chuma. Mar sin féin, tá sé fós faoi gheasa aici. Is féidir liom an táféala a fheiceáil ina shúile, agus an t-ocras a chloisteáil ina thost nuair a théann sí thairis.
Is é an trua is mó, nach dtuigeann mo chara cén chaoi a mbreathnaíonn Bodhmhall ar an mbanlaoch. Sin scéal eile atá cloiste agam agus, cé gur cúlchaint é, ní fhágann sé sin nach bhfuil bunús leis.
Tá an machnamh seo ar fad ar scéal Fhiacail tar éis mé a chur ó chodladh na hoíche. Níl sé i ndán dom fanacht i Ráth Bládhma. Níl mé ag iarraidh a bheith sáite i scéal na ndaoine seo díreach toisc go bhfuil ragús ar Fhiacail.
Ach, ... tá mé muintertha leis, agus sin sin faoi...
Ní gá dom a bheith aon áit eile.
Téann an oíche thart go síochánta agus éiríonn liom néal a chodladh fiú amháin. Nuair a sheasaim suas, áfach, tá mé chomh stalctha le clár agus tugaim faoi deara go rachadh sé deacair ort tú féin a cheilt ar an namhaid sa chuid seo den choill.
Thart ar bhealach isteach thiar an ghleanna, tá na crainn scáinte agus an féar íseal agus, seachas na toim raithní mar ar chaith mé an oíche, is beag áit le dul i bhfolach i ndáiríre.
Tagann samnas searbh orm. Bhí dul amú orm, agus anois ta se ro-dheanach an scéal a chur ina cheart. Is follas dom anois go ndeachaigh na scabhtaí síos taobh den ghleann, le dul ar foscadh sna coillte íochtair, iad ag teannadh go mall i dtreo na lonnaíochta.
Agus mise fágtha anseo san iarthar folamh.