Tá sé gruama go leor ag breacadh an lae, ach tá loinnir ann a gheallann aimsir mhaith don lá. Briseann gathanna solais airgid tríd an gceannbhrat. Faoi bhun na gcrann, tá brat tiubh drúchta ar an scrobarnach agus ní fada go bhfuil gach rud faoi bhun mo ghlúine fliuch báite. Tugaim neamhaird ar an míchompord agus druidim tríd an gcoill, mé ag fanacht faoi scáth na gcrann agus glan ar réitigh.
Cé nach féidir liom an lonnaíocht a fheiceáil trí na crainn, cloisim racht buile gáire os cionn cheiliúr na n-éan — buachaillí Ráth Bládhma ag súgradh. Fágann an fhuaim sin – nach raibh mé ag súil léi – i mo staic mé, agus ní mór dom taca a bhaint as crann darach in aice láimhe. Téann creathán fuachta tríom nuair a ritheann sé liom nach bhfuil barúil ag na buachaillí sona sásta sin faoin olc atá i bhfolach sna coillte timpeall orthu.
I solas airgid na maidine, gáire na leanaí i mo chluasa, is deacair a chreidiúint go bhfuil olcas sa saol agus go bhfuil fir in aice láimhe a ghearrfadh scornach linbh bhig gan leisce dá laghad.
Luím in éadan an chrainn go ceann píosa, mé ag fiafraí díom féin an bhfuil seans ann gurb iadsan na fir chéanna a rinne an t-ionsaí ar Sheiscenn Uairbhaoil. Déanta na fírinne, ní dócha é. Cúig bliana ó shin a rinneadh an t-ionsaí ina bhfuair mo mhac bás. Cothrom an lae sin, dhá bhliain roimhe sin a thóg an fiabhras mo bhean uaim. Téann an chuid is mó de na fianna agus na díbheargaigh a mbealach féin tar éis na n-ionsaithe, mar sin tá caolseans ann i ndáiríre.
Buachaill maith a bhí i Murra. Bhí cloigeann maith air agus bhíothas in ann brath air. Nuair a tháinig na creachadóirí chuig Seiscenn Uairbhaoil, rith sé i dtreo na coille, díreach mar a d’inis mé dó.
Ach fós fuair siad é.
D'adhlaic mé Murra in aice lena mháthair, ar na cnoic taobh thall den lonnaíocht. Ní bhfuair mé riamh na fir a mharaigh é, cé go bhfuil mé sa tóir orthu leis na blianta. Nuair a théim i mbun troda ón lá sin i leith, cuirim ina luí orm féin go bhfuil mo chéile comhraic ar dhuine de na creachadóirí.
Cabhraíonn a leithéid de smaointe liom an ghráin a spreagadh i mo chroí, fíoch fola a chur orm, agus buntáiste na feirge a thabhairt dom, rudaí atá fós ag coinneáil na hanála ionam.
Leagaim mo lámh ar an tua chatha atá á hiompar ar mo dhroim agam le mo dhiongbháilteacht a neartú. Tá cúram le déanamh agam agus cé go bhfuil gach seans ann go ndoirtfear fuil inniu, ní dhoirtfear fuil leanaí.
Mar gheall ar an drúcht, tá an talamh tais agus is éasca loirg daoine a fheiceáil. Déanaim mo sheacht ndícheall gan mo chosa a leagan ach ar charraig agus talamh chrua, sa chaoi nach bhfágfaidh mé lorg i mo dhiaidh. Mar a éireoidh an t-aer níos teo, imeoidh an drúcht de réir a chéile. Cabhróidh an t-aer níos teo sin liom análú níos éasca freisin agus, leis sin, laghdófar an seans go mbuailfidh taom casachtaí mé.
Baineann leoithne siosarnach as na duilleoga os mo chionn. Éiríonn ceiliúr na n-éan níos airde mar a éiríonn an ghrian, ach coinním cluas in airde d’aonathrú a thagann air. Cuireann an duine daonna ruaig ar éin agus cuireann ina dtost iad. Is iondúil gur leor a dtost mar rabhadh le dul i bhfolach.
Beagán níos faide ó thuaidh ón ráth, tagaim ar an gcéad chomhartha go raibh na scabhtaí ann: lorg leath sáile sa láib, ar éigean. Tar éis dom an ceann sin a fheiceáil, tagaim ar chinn eile minic go leor go dtí gur féidir liom a rá nach bhfuil ach beirt scabhtaí ann, ní triúr mar a ceapadh ar an gcéad dul síos. Insíonn na loirg rud éigin dom faoi na fir a bhfuil mé sa tóir orthu, leis. Tá duine acu óg, aclaí, beointinneach. Is eol dom an méid sin de bharr go bhfuil patrún a lorg chomh scaipthe sin, rud a thugann le fios gurb ar éigean a léimeann sé ó áit go háit. Tá sé teaspach, mar sin. Lán le brí. Fonnmhar, agus má bhíonn an t-ádh liom, margánta agus luathintinneach freisin.
Huth!
Tá mé róshean le hé sin a chreidiúint. Ní nós le scabhtaí rudaí a dhéanamh i dtobainne mar nach mbíonn saol fada i ndán dóibh siúd a dhéanann amhlaidh.
Breathnaím ar loirg an fhir eile le teann spéise. Bogann an fear seo ar bhealach níos ... moille, níos airdeallaí. Tugann patrún na lorg le fios go ndéanann sé machnamh ar an áit a gcuireann a chosa. Fear níos sine, mar sin. Fear a bhfuil níos mó taithí aige. Fear... níos cúramaí.
Tá mé ar tí leanúint ar aghaidh nuair a tharraingíonn splanc dhearg ar an duilliúr in aice liom m’iúl. Tosaím ag breathnú thart go fiosrach sna plandaí ag iarraidh a fháil amach céard go díreach a chonaic mé. Ag ransú sna duilleoga, feicim arís é agus ritheann sé liom céard atá ann: smeadar fola ar na duilleoga, í tiubh agus lonrach, agus measctha le dabaí beaga réama.
Baineann sé sin siar asam agus tugaim céim ar gcúl le breathnú ar an talamh arís. Tógann sé tamall orm gach rud a oibriú amach. Insíonn na loirg choise dom go raibh an scabhta níos sine ina sheasamh san áit seo. Is léir gur chas sé timpeall go tobann. Lena chuid scamhóg a chur aníos le casacht, is cosúil. Ach cén fáth? Cén fáth a ndéanfadh sé iarracht a cheilt go ...
Agus ansin tuigim céard é atá ag tarlú.
Tá an flosc dubh air. Níos faide anonn ná mise, ach is cinnte go bhfuil sé ag déanamh a bhealaigh féin i dtreo an bháis.
Téim ar mo ghogaide sna scáileanna agus tosaím ag ithe m’ionga ordóige agus ag déanamh mo mhachnaimh ar an eolas nua seo. Chas an scabhta níos sine chomh sciobtha sin gur dócha go bhfuil sé ag iarraidh a thinneas a cheilt. Déanaim gáire beag os íseal faoina íorónta atá sé sin. Tá an scabhta ag déanamh mar atáim féin ag déanamh níos mó agus níos mó le dhá shéasúr anuas. Nach ait an mac an saol – beirt fhear atá ag comhrá leis an mbás cheana, duine acu sa tóir ar an duine eile le gur féidir linn bás a fháil, ach beagáinín níos luaithe.
Ligim gnúsacht agus bogaim an tua chatha atá faoi m’ascaill agam le bos mo lámh a ghlanadh ar m’ionar. Tar éis dom greim a bhreith arís ar an tua shólásach sin, seasaim suas, mo chúram soiléir arís i mo chloigeann. Is cuma liom go bhfuil pian sa tóin agam tar éis drochoíche agus go bhfuil mo scamhóga ag lobhadh. Tá an cúram seo fós orm.
Agus fonn díoltais doshásaithe, leis.
Céad céim i ndiaidh an smeadair fola, tagann athrú ar an tírraon coillteach. Tá an talamh ag éirí níos gairbhe agus níos carraigí i gcónaí.Tá na crainn níos scaipthe amach chomh maith agus is féidir leis an solas a bhealach a dhéanamh isteach faoi cheannbhrat na gcrann. Ní bheidh sé chomh héasca céanna lorg na leaideanna a leanúint as seo amach, agus ní fada go dtéann sé fíor-dheacair orm teacht ar aon comharthaí ar an talamh chrua.
Beagán níos faide ar aghaidh trí na crainn, tá gabhal sa bhealach. Téann conair fianna ar chlé, suas an mhala. Leanann an chonair fhéarmhar níos leithne díreach ar aghaidh, í ag lúbadh agus ag casadh trí na crainn ag bun an droma.
Téim ar mo chromada faoi scáth na gcrann agus déanaim iarracht a mheas cé acu ceann is fearr.