Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Gabh an chonair íochtair feadh barr an droma

Tar éis dom cúpla céad coiscéim a thógáil ar an gconair fianna, tagaim ar chomharthaí go raibh na scabhtaí ann; lorg coise iomláine ar phíosa beag láibe atá leathcheilte ag raithneach. Ní fada go bhfuil mé ag dul suas an mhala go dlúth ar a sála.

Is beag an t-iontas gur lorg siad an talamh ard! Theastaigh uathu a bheith in ann breathnú síos ar an ráth le tuiscint a fháil ar na daoine a bhfuil cónaí orthu ann agus ar na laigí ó thaobh cosanta de. Dá ngabhfadh siad an chonair íochtair, bheidís in ann dul ní ba chóngaraí don lonnaíocht, ceart go leor, ach ansin bheadh an talamh oscailte, an díog agus an claífort os a gcomhair. Ó na crainn, ní bheidís in ann aon chuid den lonnaíocht a fheiceáil seachas an sonnach, agus ansin ní bheidís in ann an talamh oscailte a thrasnú i ngan fhios.

Mar a dhreapaim suas an fhána go mall, tugaim spléachadh anois agus arís ar na loirg choise mar threoir. Thar aon ní eile, ámh, coinním súil in airde d’aon bhogadh i scrobarnach na coille. Caolseans gurb eol do na scabhtaí go bhfuil mé anseo, ach ní chosnaíonn sé dada orm a bheith ar m’airdeall ach foighne agus am.

Níos faide suas an droim, éiríonn an talamh réidh. Tá sé deacair go leor aon athrú a bhrath sa choill thiubh, ach tagann feabhas ar m’análú agus is leor sin mar chomhartha dom. Tá mé ar mo cheithre boinn anois, ag sleamhnú liom trí na raithní agus na scáileanna amhail is dá mba ghadhar mé. Pian sa tóin ceart é a bheith thíos ar do lámha agus do chosa agus ní dhéanaim an dul chun cinn a bhí mé a iarraidh... ach is cinnte go bhfuil sé seacht n-uaire níos fearr ná sleá sa bholg.

Tá mé do mo phlúchadh faoin am a dtagaim ar na scabhtaí faoi dheireadh, agus tá an t-ádh dearg orm gur mise a fheiceann iadsan sula bhfeiceann siadsan mise. Tá an bheirt fhear bailithe le chéile i log faoi bhun mhullach an droma, iad folaithe go maith ag duillúr na gcrann lastuas. Tá siad níos lú ná cúig chéim is fiche ón áit a bhfuil mé féin, agus seans maith go siúlainn thar bráid mura bhfaca mé as eireaball mo shúl iad.

Gabhaim síos sa chlábar i bhfaiteadh na súl. Tá mo chroí ag preabadh i mo chliabh ach, tar éis tamaill, is léir nach bhfuil siad tar éis mé a fheiceáil. Téim sa seans agus úsáidim mo mhéara leis na raithní os mo chomhair a scaradh. Is beag an bhearna í, ach tá sí sách mór leis an log agus an bheirt ann a fheiceáil. Glacaim mo chuid ama le luí isteach ar an dorchadas agus le ciall a bhaint as an radharc os mo chomhair amach.

Boc óg atá sa chéad scabhta a leagaim súil air: fear féitheogach atá i mbarr a réime. Déarfainn go bhfuil sé scór bliain d’aois – a bheag nó a mhór – ach is deacair a rá go cinnte mar gheall ar na tatúnna go léir ar a aghaidh. Tá claíomh miotail ar iompar ar a dhroim aige agus sraith truaillí ar an gcrios faoina choim. Thíos ar a chorraghiob, tá sé ag breathnú ar a chomrádaí, atá ag tógáil sosa in éadan crainn. Cosnaíonn sé am agus allas orm, ach éiríonn liom dul cúpla coiscéim ar dheis ar mo lámha agus mo chosa. Anois is féidir liom féachaint ar an dara scabhta i gceart. Is maith an rud é aithne a chur ar aghaidh an duine atá tú chun cur chun báis.

Tagann cuma an dara scabhta seo, aniar aduaidh orm. Faoi bhun a chaipín, tá sé liath agus críon. Tá sé i bhfad níos sine ná a cheap mé a bheadh. I bhfad ró-shean do scabhta ar aon nós. Déanta na fírinne, níl ann ach cnámha agus tá cuma spíonta air, leis. Bíodh sin mar atá, agus in ainneoin na cuma tuirsí air, baineann sé de a chaipín agus tosaíonn ag labhairt leis an bhfear óg, le práinn ina ghlór.

Mo bholg á choinneáil leis an talamh agam, druidim isteach beagán eile go dtí go mbainim amach sceach nach bhfuil ach cúig chéim déag ó lár an loig. Anois go bhfuil mé faoi urchar méaróige dóibh, is féidir liom an leaid óg a chloisteáil go soiléir. Tá blas garbh, scornúil aige. Tá sé aisteach go leor é a chloisteáil ag briseadh chiúnas an Fhiántais Fhiáin. Níos aistí fós, tá rud éigin cearr le fuaim na bhfocal agus níl mé in ann an oiread céanna céille a bhaint astú agus a bhí.

Ritheann sé liom cé chomh h-ait is atá sé, go bhfuil an seanfhear ann. Is cliste an fear óg a fhoghlaimíonn ón laoch liath, ach is don aos óg an scabhtáil. Fágann an luas mire nach n-oireann sé don seandream, gan trácht ar sheanfhear breoite.

Breithním go mion air ón sceach. Seo mo bhráthair breoiteachta, mar sin, fear a chaitheann seilí fola ar an talamh agus a choinníonn an lobhadh taobh istigh ann faoi cheilt. Anois, is cosúil go bhfuil an oiread sin dochair déanta dá shláinte nach féidir leis é a cheilt a thuilleadh.

Cromann sé chun tosaigh leis an bhfuil agus an réama a ghlanadh óna scamhóga lofa. Éiríonn mo chliabhrach féin amhail is dá mbeadh bá aige do chás an fhir bhoicht seo. Más namhaid nó cara é, mothaíonn sé an phian a mhothaím féin agus, mar sin, tá trua agam dó.

Buaileann an fear óg bosóg éadrom ar a ghualainn agus deir rud éigin leis de mhonabhar. Tar éis dom an comhartha simplí sin a fheiceáil, tuigim faoi dheireadh cén fáth a bhfuil an seanleaid ann agus cén fáth a bhfuil sé tar éis dianchúram an scabhta a ghabháil air féin.

Is é athair an fhir óig é.

Leagaim mo chloigeann ar an talamh, mo chorp stromptha leis an tuirse go tobann. Dúnaim mo shúile agus mothaím diongbháilteacht an dúlra trí chlár m’éadain, braoníní allais ag sileadh síos mo dhroim.

Céard atá á dhéanamh agam ar thaobh an chnoic seo? Céard atá ar bun ag an mbeirt scabhtaí seo? Gach a bhfuil déanta agam ar maidin inniu: dul i bhfolach, stalcareacht, marú – is cúis gháire anois iad, rudaí a dhéanfadh páistí. Is aisteach an chaoi a dtagann lagmhisneach ort is cuma cé chomh huasal a bhí do rún. Níl ionainn ach fir bheaga amaideacha sa choill mhaorga seo, fir a dhéanann mar a deir fir amaideacha eile leo, gan cheist. Is bocht an scéal é. Tá sé fánach againn dul ar aghaidh.

Nuair a ardaím mo cheann arís, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an t-athair agus a mhac ag fágáil slán ag a chéile. Tugann an leaid óg bos idir an dá shlinnán dá athair agus, ar nós taibhse, bailíonn leis isteach sna scáileanna go ciúin.

Fanaim i bhfolach. Beirt in aghaidh duine amháin; ní bheadh sé cothrom fós agus níl aon fhonn orm dul chun spairne leis an seanleaid, fiú má tá sé tinn. Tráth dá raibh, nuair théinn ag spaisteoireacht thart ar na coillte in éineacht le mo mhac, bhínn réidh le dul in iomaíocht le haon rud a bhagair air. Agus is mar sin a bheadh sé i gcás an fhir seo freisin.

Tar éis an méid atá feicthe agam áfach, tá mé idir dhá chomhairle. Léiriú simplí geana idir athair agus a mhac agus tá an tóin tite as an bplean. Ní raibh mé ag súil leis seo nuair a d’imigh mé amach chun ár a dhéanamh ar an namhaid.

Is cuma má tá mé faoi chommín ag Fiacail, is leasc liom mac athar eile a mharú.

Ligim osna, mé ag iarraidh an crá croí a choinnáil taobh istigh. Tá ádh áirithe liom ar aon chaoi. Beidh an boc óg imithe leis fada go leor le deis a thabhairt dom cinneadh a dhéanamh. Fiú anseo - agus mé ag smaoineamh faoin gcruachás seo - tá mé in ann cársán an tseanfhir a chloisteáil. Níl mé cinnte a thuilleadh, céard ba chóir dom a dhéanamh.