Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Maraigh an scabhta is sine

Ar ndóigh, níl an dara rogha agam ar deireadh. D'ainneoin an chináltais atá feicthe agam ar an droim iargúlta seo, is naimhde iad na fir seo. Tá a gcúram féin orthu agus má éiríonn leo imeacht ón ngleann, táim deimhin de go ndéanfar sléacht ar Ráth Bládhma. An bandraoi a bhfuil croí Fhiacail istigh inti, gheobhaidh sí bás. An banlaoch duairc, gheobhaidh sí bás. Na buachaillí ar chualathas a ngáire ar fud an ghleanna, gheobhaidh siadsan bás.

Ach ní sheasfaidh mé i leataobh agus sléacht á déanamh ar lonnaíocht eile.

Leagaim mo lámh ar hanla na tua catha atá á hiompar ar mo dhroim agam. Neartaíonn láidreacht an ghléis troda mo dhiongbháilteacht agus cuireann i gcuimhne dom an gealltanas a thug mé d’Fhiacail.

Ag an am céanna, glacaim mo chuid ama ag scrúdú an tseanfhir agus na talún thart ar an log. Ní fiú rud den sórt seo a dhéanamh faoi dheifir. Anois an t-am leis an mbealach is fearr a shocrú, an líne chatha a mbainfidh mé feidhm aisti leis an lámh in uachtar a fháil ar mo chéile comhric.

Uaireanta is fearr duine a mharú gan a thuilleadh moille. Uaireanta eile, is fearr é a thógáil go deas réidh, agus na gluaiseachtaí agus buillí marfacha a oibriú amach roimh ré.

Sin an chaoi a bhfuil sé an uair seo.

Tarraingím anáil throm agus tosaím ag lámhacán arís i dtreo an loigín. Caolaím liom ar dheis gan gíog ná míog asam, ionas go mbeidh mé in ann an crann a bhfuil mo chéile comhraic ina luí air a úsáid le teacht i ngan fhios air. Tá an féar tiubh sa chuid seo den choill agus, faoin am atá mé níos giorra dó, tá mé báite go craiceann ag an drúcht. Fós i bhfolach, taobh thiar den chrann darach, éirím i mo sheasamh agus tarraingím mo thua amach go mall.

Tá an crann níos lú ná cúig chéim uaim ach ní mór dom a bheith an-tomhaiste go deo, óir go bhfuil an oiread sin adhmaid mhairbh thart ar fud na háite a d’fhéadadh briseadh faoi bhun mo choise. Bainim amach bonn leathan an chrainn darach. Teannas i mo chliabhrach, brúim i gcoinne stoc an chrainn, hanla na tua i mo lámh agus an t-allas ina rith liom.

Tá mo chroí ag preabadh i mo chliabh, blas an mhiotail i m’anáil agus allas ar m’éadan. Ar an taobh eile den chrann, cloisim gur le dua atá an seanscabhta ag análú. Mothaím goin trua dó i mo scamhóga féin. Tá faitíos orm ar feadh meandair go dtosóidh mé ag casacht, ach ní ghéillim don fhonn agus ní fada gur féidir liom análú go héasca arís.

Fós do mo bhrú i gcoinne stoc an chrainn, druidim go h-ard-eallach, timpeall go dtí go bhfeicim gualainn ionair, leathair agus folt, tiubh liath.

D’fhéadfá a rá go bhfuil corp an tseanscabhta meata ag an bhflosc dubh, ach ní fhéadfá an rud céanna a rá faoin gcuid is táire dá nádúr. Níl smid asam ach, ar bhealach éigin braitheann sé go bhfuil mé ann. Casann sé timpeall ar a bhundún agus stánann orm lena shúile donna, é ag tabhairt sciuird faoina chlaíomh.

Uaireanta, is fearr duine a mharú go mall. Uaireanta eile, is fearr scód ligean leis an bhfearg.

Sin an chaoi a bhfuil sé an uair seo.

Tagann claíomh an scabhta aníos mar a théann mo thua síos. Déanann sé iarracht mhaith bac a chur ar an mbuille, ach ní choinníonn iarrachtaí maithe an anáil ionat. Tá mo neart iomlán taobh thiar den tua. Níl aon amhras gur buille marfach é. Brúnn sé arm an scabhta i leataobh go héasca agus scoilteann a bhlaosc. Tá an buille chomh cumhachtach sin go mbuaileann chun tosaigh é, amhail is dá mbeadh sé cromtha. Titeann sé as éadan, síos ar a thaobh clé.

Stánaim ar an marbhán níos faide ná ba chóir. Is iomaí corp atá feicthe agam le himeacht na mblianta, ach cuireann an radharc seo ualach ciontachta orm – mothúchán a mbeinn lánsásta déanamh gan é, mar gur beag fiúntas nasc a bheith agat leis an duine atá tú tar éis slad a dhéanamh air.

Tá mála leathair bia agus mála uisce ar an talamh in aice leis an gcorp. Piocaim suas go gasta iad, mar a chúlím siar chuig na scáileanna. Ar ais faoi scáth na coille, déanaim iarracht socrú síos agus gan ligean do racht casachtaí teacht orm.

Tá am agam anois le guaim a fháil orm féin, ach tá scabhta eile amuigh ansin ar gá dom déileáil leis, é sin nó obair in aisce a bheidh i mo chuid iarrachtaí uile. Toisc nach bhfuil tuairim agam faoin mbealach a thóg an fear óg, tá dhá rogha agam. Is féidir liom é a leanúint isteach sna crainn nó fanacht anseo ar mo chompord agus luíochán a dhéanamh roimhe.

Dhá rogha dhifriúla.

Dhá rogha fhuilteacha.