Tá sé ag cur sceana gréasaí agus tá pian i mo chliabhrach, ach tá plean ag Fiacail. Sin an chaoi a bhfuil sé! Níl muid anseo i Ráth Bládhma ach dhá lá agus tá muid sáite i bhfadhbanna mhuintir na háite cheana féin.
Ach... is áit dheas é. Gleann amuigh ar an iargúil atá ann, go domhain i bpoll tóna an Fhiántais Fhiáin. Tá dhá dhroim faoi chrainn ag síneadh siar ó thuaidh agus soir ó dheas, agus aill chuar ghéar ag an gceann eile a choinníonn gach rud istigh.
Tosaíonn an féarach ag an gcoill thiar – sin an t-aon bhealach le dul isteach sa ghleann. Talamh fairsing, glas is ea é, a bhfuil ardú beag ann i lár an ghleanna. Sin an áit a bhfuil lonnaíocht Ráth Bládhma. Déanta na fírinne, is suíomh docht daingean é. Tá radharc soiléir amach ar gach taobh ag muintir na háite. Agus an geata dúnta, ní hamháin go mbeadh ar an namhaid teacht ar an ngleann ar an gcéad dul síos, ach bheadh air an talamh sin agus an díog chiorclach a thrasnú, dul suas an claífort agus, ar deireadh, briseadh tríd an sonnach adhmaid.
Go deimhin, tá cosaint láidir ag muintir Ráth Bládhma.
Ach ní thabharfaidh sí sin saor ón mbás iad ná baol air.
Deir Fiacail go bhfuil fiann breis is caoga laoch ag tarraingt orthu. Dar leis, tá scabhtaí acu sa ghleann cheana féin. Measann sé go bhfuil a lorg feicthe aige agus go bhfuil siad ag coinneáil súil orainn. Níl ach triúr laoch sa ráth; mé féin, Fiacail agus mo chol ceathrair, Tóla. Ach níl ionainn ach cuairteoirí atá ag stopadh ar feadh tamaillín ar ár mbealach. Níl cónaí ach ag seachtar i Ráth Bládhma i ndáiríre, agus níl ach beirt acu siúd ina laochra – an banlaoch Liath Luachra agus an t-ógánach Aodhán.
Agus déarfainn féin nach bhfuil seans na ngrást acu.
‘A Ultáin,’ arsa Fiacail liom.
‘Céard é féin?’ arsa mise.
‘Cuir faobhar ar do chuid sceana. Beidh tú ag dul amach anocht.’
Déanaim mo mhachnamh air sin agus mé ag ithe píosa aráin. Bíonn sé deacair Fiacail a thuiscint in amanna. Is maith is eol dó go bhfuil an flosc dubh ag ithe mo scamhóg agus ag meath mo chliabhraigh. Is é an fhírinne, go bhfuil mé ag comhrá leis an mbás. Tá mo neart fós agam, ach ar nós crann atá ag fáil bháis, tá mé ag lobhadh ón taobh istigh amach.
‘Cén fáth a bhfuil tú ag leagan an chúraim seo orm?’ a fhiafraím de.
‘Toisc gur tusa an fear is fearr atá agam,’ arsa seisean.
Déanann muid ár sáith gáire faoi sin. Seachas mo chol ceathrair, Tóla – a bhfuil scal bheag air – is mise an t-aon duine atá aige.
‘Is tusa an fear leathchoise ag an damhsa, mar sin,’ arsa mise.
Éiríonn Fiacail an-dáiríre go deo ansin, é ag tarraingt síos ar a chroiméal mar a dhéanann sé nuair atá sé ag déanamh machnamh ar nithe a bhfuil an-tábhacht leo. ‘Níl cosaint dá laghad ag an lonnaíocht,’ a deir sé liom, tromchúis ina ghuth. ‘Tá an bheirt laochra, Aodhán agus Liath Luachra, imithe leo.’
‘Cén áit?’
Teannann Fiacail a bhéal agus scaoileann lena chroiméal, déistin ina ghnúis. ‘Imithe leo le Duine faoi Smál a chur chun báis.’
‘Oró!’
Cuireann sé sin i mo thost mé. Le Duine faoi Smál a chur chun báis!
‘Dar fia! Is fearr iadsan ná mise,’ arsa mise.
‘B’fhéidir é, ach seachas an seanfhear agus na deartháireacha óga, níl duine ná deoraí fágtha leis an lonnaíocht a chosaint seachas muidne.’
Stadann sé ansin. Glanann sé a scornach.
‘Tá duine uaim le fáil réidh leis na díbheargaigh,’ arsa seisean. ‘Aimsigh na scabhtaí sin domsa, a Ultáin. Cuir an ruaig orthu amach as an ngleann. Fág gan chosaint faoi Athair na Gréine iad, ionas nach mbeidh siad in ann dul i dtreis sa dorchadas.
Anois tá mé i mo shuí ag smaoineamh faoin rud ar fad. Tháinig an cúram a leag Fiacail orm aniar aduaidh orm. Tuigim gur mian leis an lonnaíocht a chosaint ach is féidir a bheith cinnte go dtiocfaidh an fhiann orainn sa deireadh. Ní hé ár bhfód dúchais é ar aon nós. Ní hiad ár muintir iad. Ní bhaineann an troid seo linn. Is le muintir Ráth Bládhma a bhaineann sí. Ba chóir dóibhsean dul i mbun troda.
Mar sin, anseo atá mé, i mo shuí ag machnamh. Agus tá sé ag cur báistí, leis. Agus tá an phian fós i mo chliabhrach agus níl tuairim dá laghad agam cén chaoi a ndéanfaidh mé cinneadh.