Audio

GaeilgeEnglish
play buttonpause button

Diúltaigh. Lig do mhuintir Ráth Bládhma iad féin a chosaint

Diúltaíonn mé ar dtús, ach cuireann tost Fhiacail orm aontú leis ar deireadh. Inár dtuath féin, ní réitíonn Fiacail go maith leis an gcuid is mó de na daoine mar go mbíonn an iomarca faid ar a theanga in amanna. Ach bhí sé ina chara agam riamh. Bhí sé liom sna tréimhsí dorcha nuair a d’imigh mo bhean Lann uaim le fiabhras agus nuair a maraíodh mo mhac Murra, le sleá creachadóra. Bhí sé liom leis na mairbh a adhlacadh, agus ansin chabhraigh sé liom an briseadh croí a fhágáil i mo dhiaidh. Uair éigin eile, d’éirigh leis, mé a sciobadh ó bhéal an bháis i dtiubh an ghleo.

Mar sin, nuair a iarrann Fiacail orm rud éigin a dhéanamh, ní féidir liom diúltú dó.

Nuair a imíonn mo chara, ithim gríscín muiceola i mo thost agus smaoiním faoi chosaintí na lonnaíochta. Tá díog dhomhain agus claífort láidir thart ar Ráth Bládhma, ach níl ach beirt laochra ann le hé a chosaint. Dá n-uireasa, tá an lonnaíocht fágtha gan chosaint. Má tá siad chun aghaidh a thabhairt ar Dhuine faoi Smál, ní féidir talamh shlán a dhéanamh dé go dtiocfaidh siad ar ais ach an oiread.

Chaith mé seal ag breathnú ar Aodhán – an duine is sine den triúr deartháireacha – agus, déanta na fírinne, tá lámh maith aige ar an sleá. Ní fiú cac bó an tsleá i gcoinne na scine, mar sin féin. Ní bheadh seans práta i mbéal muice ag an leaid óg i gcoinne trodaí a bhfuil fios a ghnó aige.

Bheadh mo mhac, Murra, ar an aois chéanna le hAodhán, dá mbeadh sé fós linn. Bhí seisean an-mhaith leis an tsleá freisin, ach níorbh aon chabhair dó é sin nuair a tháinig na creachadóirí chuig Seiscenn Uairbhaoil. .... Níl aon dul as. Nuair a thagann an bás ní imeoidh sé folamh is cuma cén sórt scileanna atá agat nó cé chomh cróga is atá tú.

Maidir leis an laoch eile sa lonnaíocht, Liath Luachra mar a thugtar uirthi ...

Well, tá an-teacht aniar inti, déarfaidh mé an méid sin fúithi. Chonaic mé í i mbun troda ag tionól roinnt blianta ó shin. Ní raibh clú ná cáil uirthi ag an am sin, ach thug sí faoina céile comhraic an lá sin chomh fíochmhar sin, gur baineadh stangadh ceart asainn go léir.

Uaireanta, fágann duine a lorg ort. Uaireanta eile, téann duine i gcion chomh mór sin ort nach ndéanfaidh tú dearmad go deo air. Ní ligfidh mé i ndearmad choíche, an chaoi ar throid sí go fuar-chúiseach an méid a bhí ina cnámha aici gan giob ná geab aisti. Ba léir ag an tionól gur bean ar bheagán focal í, ach tuigtear anseo i measc a muintire féin go bhfuil tábhacht faoi leith, ag baint le gach uile fhocal a thagann amach as a béal dá bhrí sin.

Tráth a rabhamar sa choill taobh amuigh den ghleann cúpla lá ó shin, chonaic mé i gceart den chéad uair í agus fuair mé spléachadh ar an díobháil ina súile aici ar feadh meandair. Aithníonn díobháil díobháil eile, agus sin an cineál díobhála a scriosann an t-anam. Chomh marfach agus dainséarach le mac tíre gortaithe, níl aon amhras orm go dtaitníonn an foréigean léi. Más féidir le haon duine aghaidh a thabhairt ar Dhuine faoi Smál agus na cosa a thabhairt leis, is féidir léise.

Téim suas dréimire chuig rampar istigh an rátha, ardán adhmaid faoi bhun an tsonnaigh a théann an bealach ar fad timpeall na lonnaíochta. Tá dorchadas ag titim i mo thimpeall agus an duairceas ag éirí ar nós gal múin the ar oíche sheaca. Breathnaím amach thar na cuaillí adhmaid ar an ngleann folamh, mé ag cogaint píosa muiceola go ciúin.

Más fíor go bhfuil na scabhtaí sa ghleann cheana féin, níl mórán ama fágtha agam. Aon oíche amháin i bhfolach le teacht chucu féin tar éis an aistir, aon lá amháin ar a gcos le cíoradh a dhéanamh ar chosaintí an rátha. Seans go mbeidh siad imithe ón ngleann roimh Athair na Gréine fiú amháin.

Fágann sé sin go mbeidh go dtí breacadh an lae agam, agus beagáinín níos mó b’fhéidir, le dul i ngleic leo. Ní mó ná sin, ar aon chuma.

Caithim píosa loingeáin amach as mo bhéal thar an sonnach agus breathnaím air ag cuaradh leis i dtreo na talún.

Tá beirt scabhtaí ann ar a laghad dar le Fiacail, triúir b’fhéidir. Ní thugann an corrlach trom sin aon sásamh dom. Is maith is eol dom, go gcaithfear idir neart brúidiúil agus an líon daoine a chur sa mheá in aon choimhlint, ach bíonn fachtóirí eile ann is féidir an tionchar cinniúnach a imirt chomh maith.

Nó tionchar de chineál éigin ar aon nós.

Ionad maith ar thalamh ard, teacht aniar aduaidh ar an namhaid, fórsa ag iarraidh díoltas a bhaint amach, brat ceo nó athrú ámharach ar an aimsir. Ní mór dom brath ar na rudaí sin le mo sheans in aghaidh na scabhtaí a fheabhsú. Ach ciallíonn sé sin gur gá domsa an láthair chatha a roghnú, rud a bheidh orm a dhéanamh anocht faoi choim na hoíche.

Ach leis an láthair chatha a roghnú, caithfidh bealach na scabhtaí a bheith ar eolas agam agus, anois, tá mé i ngalar na gcás. Tá trí bhealach ann a d’fhéadfaidís dul. D’fhéadfaidís dul i bhfolach ag bealach isteach thiar an ghleanna agus a bheith ag spiareacht ar an lonnaíocht ón áit sin. Ach d’fhéadfaidís a mbealach a dhéanamh trí na coillte a chlúdíonn an droim theas agus an droim thuaidh, leis.

Is gearr go mbeidh an gleann dubh dorcha agus más rud é go bhfuil sé ar intinn agam éalú amach ón ráth i ngan fhios, níl mórán ama fágtha agam le hullmhú.

Ach tá cinneadh le déanamh agam roimhe sin. Cén bealach?