Glacaim leis an gcúram, ar ndóigh. Óir go bhfuil an banlaoch agus an t-ógánach Aodhán, bailithe leo, tá cosaint na lonnaíochta fágtha faoi dheartháireacha óga Aodháin– beirt ógánach friseáilte nach bhfuil a nglór briste fós fiú amháin. Mura mbeadh Fiacail, Tóla agus mé féin anseo, is dócha go mbeadh beart déanta ag na scabhtaí cheana féin.
Glacaim leis an gcúram, toisc go mbeidh beagáinín níos mó ama acu má éiríonn liom.
Ach níos tábhachtaí fós, glacaim leis mar gur iarr Fiacail orm glacadh leis.
Cibé acu a éireoidh nó nach n-éireoidh liom, ba dheas an rud é bás a fháil sa bhearna bhaoil agus mé ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar an namhaid, chomh cróga sin go mbeidh daoine fós ag ceol fúm go ceann na mblianta. Ní haon drochrud é d’ainm a bheith i gceol na ndaoine go deo na ndeor.
Téim suas ar rampar istigh an rátha. Ardán adhmaid leathan atá ann, a théann an bealach ar fad timpeall na lonnaíochta ciorclaí, faoi bhun an tsonnaigh. Is gearr go mbeidh sé ina oíche agus tosaíonn an solas ag teip gan fuacht gan faitíos. Breathnaím amach ar an ngleann folamh. Beirt scabhtaí, dar le Fiacail. Triúr, b’fhéidir. Ag breathnú amach tríd an dorchadas, cuirim réama aníos le casacht chrua – mo dhorchadas féin ag titim orm – agus caithim amach thar an sonnach é. Triúr i m’aghaidh; mise liom féin. Níl sé sin cóir ná cothrom, dar liom. Agus bheadh orm teacht orthu ar dtús, ar ndóigh.
Breathnaím ar an ngleann caol arís, ar na coillte san iarthar agus ansin leanaim líne na gcrann darach, síos go dtí na dromanna géara ar an dá taobh den ráth. Ar an taobh thoir den lonnaíocht, táim in ann an áit a dtagann na dromanna géara sin le chéile ina n-aillte a fheiceáil, os cionn cheannbhrat na gcrann. Níl cur amach agam ar an tírraon sa chuid sin den ghleann, ach deir Bodhmhall, taoiseach na lonnaíochta, liom nach mbeadh aon duine in ann dul isteach i nGleann Ceoch an bealach sin, toisc go bhfuil an talamh idir róghéar agus rógharbh.
Mar sin, déarfainn nach mbeadh ach trí rogha acu. Tar éis dóibh sleamhnú leo ón iarthar, seans gur chuir na scabhtaí fúthu sa choill darach ag an mbealach isteach chuig an ngleann. Mar sin féin, seans gur lean siad na coillte ag bun na ndromanna, thiar thuaidh agus thoir theas. Sna coillte sin, d’fhéadfaidís snámh isteach gar don ráth nó dul suas chuig an talamh ard agus breathnú síos ar chosaintí na lonnaíochta.
Breathnaím go mion ar an tírraon agus iarracht á déanamh agam smaoineamh mar a smaoineoidís. Agus mé go domhain i mo chuid smaointe, imíonn Athair na Gréine faoi na crainn darach i bhfad uaim.
Is eol dom go gcaithfidh mé imeacht liom anois faoi choim na hoíche d’fhonn is nach bhfeicfidh na scabhtaí mé.
Ach, cén bealach?